Tá Clondanagh anois ina LCS (Limistéar Caomhaontais Speisialta) le Cromán na gCearc ina speiceas faoi chosaint éiceolaíochta. Is áit leithleach speisialta Co. an Chláir de bharr a éiceolaíochta agus bithéagsúlachta. Tá na bratphortaigh Sliabh Bearnach agus Sliabh Eachtaí in oirthear an Chláir mar ghnáthóg d’iliomad feithidí agus coillearnaigh. Tá na fánaí íochtaracha ina chairpéid de chloigíní gorma agus bundúin na coille.Tá an chuid is mó díobh teorainnte ag bogaigh. Tá Loch Deirgirt ina ghnáthóg d’iasc neamhchoitianta mar an Pollán, atá ar cheann de na speicis is leithligh in Éirinn.
Tá Bithéagsúlacht ag meath.
Tá athruithe fairsing agus sciobtha ag tarlú i ngnáthóga ar fud an domhain, ina chúis le maolú i mbithéagsúlacht. Tá speicis ag dul in éag le scriosadh na gnáthóga.
Is eol go bhfuil 11,000 speiceas ar fud an domhain i mbaol dul in éag.Tá níos mó ná leath de bhogaigh na hEorpa díofa. In Éirinn, tá níos lú ná 20% dár bportaigh slán agus tá timpeall 12% de phlandaí agus18% de veirteabraigh i mbaol. Meastar go bhfuil speiceas mar an Ruabhreac Artach,an Cogal agus an Túirne Lín imithe in éag. Is í phríomhchúis le cailliúint na bithéagsúlachta ná gníomhaíocht dhaonna.Tá toradh tromchúiseach ag talmhaíocht, foraoiseacht, truailliú, turasóireacht, caitheamh aimsire agus tabhairt isteach speicis iasachta ar bhithéagsúlacht.Cé go gcaithimid obair le bithéagsúlacht inár saol, is féidir linn foghlaim conas é a dhéanamh i slí níos inbhuanaithe agus mar thoradh ar sin an damáiste is lú a dhéanamh.
Anseo i gClondanagh is féidir leat go leor samplaí den bhfásra agus ainmhithe atáimid ag iarraidh a chosaint a fheiceáil.
Dorothy Minogue-Landers
Clondanagh Cottage
Clondanagh
Tulla
Co Clare
Ireland
Tel: 00353 86 8268862
Within Ireland: 086 8268862
Bed and Breakfast Accommodation
Tulla, Co Clare, Ireland