Ar chúis éigean d’iarr Dorothy orm (Sasanach ton bodhar) scríobh faoi cheol in Oirthear an Chláir. Tuairim ait Éireannach é!. Ach ba é an ceol a thug mé go Oirthear an Chláir i dtosach báire.
Tá clú agus cáil ar Éirinn de bharr a cuid ceoil agus is in Oirthear an Chláir atá ceann de phríomhionaid an traidisiúin.
Martin Hayes agus Mark Donnellan ag seinm i dTeach Tábhairne Pepper’s, An Fhiacail 2009
Is é Martin Hayes (ina chónaí anois i Meiriceá )an ceoltóir is mór le rá ón áit ach níl ann ach duine amháin de na ceoltóirí den scoth a rugadh san áit ,is atá fós ag seinm anseo.I measc na gceoltóirí eile tá Mary Mac Namara (a bhfuil mórán déanta aici chun an traidisiúin a choimeád beo) Andrew Mac Namara, Jed Foley, Vincent Griffin, Tommy Hayes, Mark Donnellan –agus mar sin leis an liosta.
Tommy Hayes, Michael Landers agus Andrew Mac Namara
Céile Dorothy Michael (thuas) a sheinneann go rialta le ceoltóirí áitiúla .
Tá ainm teach tábhairne Lena’s (Short’s anois ) in airde de bharr na séisiún rialta tábhairne is
fadthréimhseach ar domhain .Gach oíche Deardaoin tagann ceoltóirí le chéile chun seinm mar a rinneadh le 39 bliain anuas.Is iontach na ceoltóirí iad.Ní chloisfidh tú an ‘diddly dee’sciobtha ,mar a thugann na turasóirí ar ceol Éireannach anseo.Cloisfidh tú ceol den scoth le rithim portaireachta Oirthear an Chláir a sheinntear le héascaíocht mhealltach.Is é Seamus Bugler a bhíonn ina óstach ar na séisiúin oíche Deardaoin agus é ag seinm ar an gcairdín i Shortt’s le blianta anuas , de ghnáth leis an fliúiteadóir Paddy O Donoghue.
Le cúpla pionta den ‘ábhar dubh’ ceapfaidh tú go bhfuil tú ar neamh! Is iad na gléasanna ceolta fidealacha ,consairtíní agus cairdíní a úsáidtear go forleathan san áit. Ní heol do mhorán daoine gur i gcúlsheomra i dteach tábhairne Minogue’s a thosaigh Christy Moore a ghairm agus é ina chléireach bainc sa Tulach.
Mary Mac Namara a bhfuil a lán déanta aice chun an traidisiún a choimeád beo.
Is minic a úsáidtear an consairtín mar ghléas ceoil in Oirthear an Chláir.
Gach bliain bíonn féile mhór ceoil san Fhiacail i mí Lúnasa. Le blianta beaga anuas bíonn féile ceoil sa Tulach i Meán Fómhair.
Liz Carroll ag seinm sa Tulach.
Le bliain anuas, chomh maith leis na ceoltóirí áitiúla thuasluaite chonaic mé Matt Molloy,Liz Carroll, Arty McGlynn ,Joe Burke, Catherine McEvoy, Seamus Begley agus Jackie Daly le roinnt a lua, agus iad go léir laistigh de chúig mhíle ó Clondanagh.
Dorothy Minogue-Landers
Clondanagh Cottage
Clondanagh
Tulla
Co Clare
Ireland
Tel: 00353 86 8268862
Within Ireland: 086 8268862
Bed and Breakfast Accommodation
Tulla, Co Clare, Ireland